27/08/2026
Tá an sprioc seo ag teannadh linn! Tapaigh an deis 📅
Tá go dtí 10:00 (am na Bruiséile), an 4 Meán Fómhair 2026 agat chun d’iarratas a sheoladh isteach! 🤗
An tusa an chéad oiliúnaí eile Blue Book a bheidh ag Cuallacht na Gaeilge? 🤩
Dhá uair sa bhliain, cuireann an Coimisiún Eorpach deis ar fáil do chéimithe tréimhse oiliúna a dhéanamh sna hInstitiúidí Eorpacha mar chuid de scéim Blue Book.
Na hiarratasóirí a roghnófar, caithfidh siad 5 mhí ag obair linn, ón 1 Márta 2027 go dtí an 31 Iúil 2027, agus íocfar liúntas míosúil dóibh.
Tá an tréimhse iarratais don chéad bhabhta eile de scéim oiliúna Blue Book ar oscailt anois! Tá go dtí 10:00 (am na Bruiséile), an 4 Meán Fómhair 2026 agat chun d’iarratas a sheoladh isteach.
Tá gach eolas faoin scéim, na critéir incháilitheachta agus an chaoi le hiarratas a dhéanamh le fáil ag https://traineeships.ec.europa.eu/
Go n-éirí leat! 💙