Foras na Gaeilge

Foras na Gaeilge Ar an dara lá de mhí na Nollag 1999, bunaíodh Foras na Gaeilge, an comhlacht atá freagrach as an nGaeilge a chur chun cinn ar fud na hÉireann.

Is é Foras na Gaeilge an eagraíocht a bunaíodh chun an Ghaeilge a chur chun cinn i mí na Nollag, 1999, de réir Chomhaontú Aoine an Chéasta. Ghlac an eagraíocht nua seo cúraimí eagraíochtaí stáit i bPoblacht na hÉireann a bhí ann roimhe - Bord na Gaeilge, An Gúm (Foilsitheoirí) agus An Coiste Téarmaíochta (Forbairt Téarmaíochta) agus aistríodh na foirne agus a ngníomhaíochtaí ar fad chuig an gcomhl

acht nua. De réir an Chomhaontaithe, tá Fóras na Gaeilge freagrach as cur chun cinn na teanga i dTuaisceart na hÉireann freisin. Chomh maith le sin, tá an Foras ann chun comhairle a thabhairt don dá rialtas, do chomhlachtaí agus do ghnáthdaoine faoi chúrsaí Gaeilge.

Tá lúcháir ar Fhoras na Gaeilge tús a chur leis an scoilbhliain le háis nua do mhúinteoirí agus do scoileanna, a forbraí...
02/09/2026

Tá lúcháir ar Fhoras na Gaeilge tús a chur leis an scoilbhliain le háis nua do mhúinteoirí agus do scoileanna, a forbraíodh i gcomhpháirt le Conradh na Gaeilge.

Tá breis agus 5,000 cóip den fhéilire seolta chuig scoileanna ar fud na tíre, le tacaíocht ón bPlean Gnímh don Ghaeilge i Scoileanna Meán-Bhéarla, Is Féidir Liom, Is Féidir Linn agus le maoiniú ó Fhoras na Gaeilge agus an Roinn Oideachais agus Óige.

Tugann an féilire mórimeachtaí agus comórtais náisiúnta na Gaeilge le chéile, d'fhonn na ndeiseanna seo a chur chun cinn agus rannpháirtíocht a spreagadh iontu. Cuideoidh sé le múinteoirí agus daltaí pleanáil chun páirt a ghlacadh in imeachtaí áitiúla agus náisiúnta agus chun úsáid na Gaeilge a mhéadú.

Guímid gach rath ar mhúinteoirí, scoláirí agus tuismitheoirí sa scoilbhliain úr! Is féidir leagan den fheilíre a íoslodáil ag www.scéal.ie/scoil/............................
Foras na Gaeilge is delighted to begin the new school year with a new resource for teachers and schools, developed in partnership with Conradh na Gaeilge.

More than 5,000 copies of a calendar which brings together major Irish-language events and national competitions, promoting these opportunities and encouraging participation in them, have been distributed to schools across the country.

With support from the 'Action Plan for Irish in English-Medium Schools (Is Féidir Liom, Is Féidir Linn) and funding from Foras na Gaeilge and the Department of Education and Youth, it is hoped this resource will help teachers and students plan to take part in local and national events and therefore increase their use of the Irish language.

We wish teachers, students, and parents every success in the new school year!

Sheol Comhaltas Cheoltóirí Éireann Réamheolaire Oideachais 2035 ag Leabharlann an Línéadaigh, Béal Feirste, le linn Fhle...
02/09/2026

Sheol Comhaltas Cheoltóirí Éireann Réamheolaire Oideachais 2035 ag Leabharlann an Línéadaigh, Béal Feirste, le linn Fhleadh Cheoil na hÉireann i mbliana.

Is straitéis dhomhanda 10 mbliana é an Réamheolaire atá ina threoir i leith na foghlama, an teagaisc agus na ceannaireachta ar feadh an tsaoil sna healaíona traidisiúnta in Éirinn.

Réamheolaire Oideachais 2035 seolta ag Comhaltas Cheoltóirí Éireann Eilís Nic Lochlainn 02 September 2026 Roinn Sheol Comhaltas Cheoltóirí Éireann Réamheolaire Oideachais 2035 ag Leabharlann an Línéadaigh, Béal Feirste, le linn Fhleadh Cheoil na hÉireann i mbliana.Is straitéis dhomhand...

Comhordaitheoir Pleanála Teanga (Buan) X3 (péire ó dheas agus ról amháin ó thuaidh)Beidh na róil seo  seo lonnaithe in o...
31/08/2026

Comhordaitheoir Pleanála Teanga (Buan) X3 (péire ó dheas agus ról amháin ó thuaidh)

Beidh na róil seo seo lonnaithe in oifigí Fhoras na Gaeilge Baile Átha Cliath, Gaoth Dobhair, agus Béal Feirste.

Is é an raon tuarastail don phost ná: €57,173- €72,829 (Grád: Ardoifigeach Feidhmiúcháin)(ó dheas) agus £37,694-£38,990 (Grád: Oifigeach Foirne)(ó thuaidh).

Ní mór cóip PDF de d’fhoirm iarratais chomhlánaithe a sheoladh ar ríomhphost roimh 12 meán lae, Dé hAoine, 18 Meán Fómhair 2026 chuig: [email protected]

Gach eolas ag: https://www.forasnagaeilge.ie/maidir-le-foras-na-gaeilge/foluntais/

On a cold morning in Dublin in January 1925, a milestone policy decision was taken about the Gaeltacht, the scattered di...
25/08/2026

On a cold morning in Dublin in January 1925, a milestone policy decision was taken about the Gaeltacht, the scattered districts from Donegal to Waterford where Irish was still spoken as a community language.

Maintaining Irish in the Gaeltacht continues to matter to Irish people, with almost two-thirds of respondents identifying it as the most important policy measure in a recent survey published by Foras na Gaeilge.

The body's proposals in August 1926 looked at the use of Irish in education, public administration and the economy

Agus deireadh tagtha le Fleadh Cheoil na hÉireann 2026, ba mhaith le Foras na Gaeilge comhghairdeas agus buíochas a chur...
17/08/2026

Agus deireadh tagtha le Fleadh Cheoil na hÉireann 2026, ba mhaith le Foras na Gaeilge comhghairdeas agus buíochas a chur in iúl do Comhaltas Ceoltóirí Éirinn, Comhairle Chathrach Béal Feirste agus na heagraíochtaí ar fad a thug Fleadh Cheoil na hÉireann go Béal Feirste.

Tá éacht nach beag bainte amach ag cách a bhí bainte le Fleadh Cheoil na hÉireann a phleanáil agus a reáchtáil i mBéal Feirste cois chuan. Thart ar gach coirneál, ar gach sráid agus in achan ascaill de lár na cathrach bhí ceol agus cairdeas go mothú ann. Bhí an Ghaeilge le cloisteáil agus le feiceáil ag gach imeacht agus ag an phobail ar fad a tháinig isteach go Béal Feirste.

Thug na hócáidí ag an lárionad Gaeilge sa Mac spás agus áit lárnach don teanga a chur go mór le cur chun cinn na teanga i rith na seachtaine. Tá dul chun cinn suntasach bainte amach ó thaobh an athmhuintearais chultúrtha i mBéal Feirste agus ó thuaidh bainte amach de thairbhe teacht na Fléide go Béal Feirste.

Tá Foras na Gaeilge ag dúil go mór le tógáil a dhéanamh ar a bhfuil bainte amach ag Fleadh 2026 agus ag dúil chéanna féin le Fleadh Cheoil na hÉireann pilleadh ar an chathair in 2027.

Comhghairdeas libh Fleadh Cheoil Comhaltas Belfast City Council

Cuireann Foras na Gaeilge fáilte roimh na staitisticí nuafhoilsithe maidir le líon na ndaltaí atá anois ag tabhairt faoi...
14/08/2026

Cuireann Foras na Gaeilge fáilte roimh na staitisticí nuafhoilsithe maidir le líon na ndaltaí atá anois ag tabhairt faoi scrúdú A-Leibhéal na Gaeilge ó thuaidh.

Is méadú suntasach é an 30% a tuairiscíodh agus léiríonn sé an deathoil, an spéis agus an tiomantas atá ann don teanga i measc daoine óga, tuismitheoirí agus múinteoirí.

Is léiriú iontach é freisin ar an obair ar an talamh chun an Ghaeilge a chur chun cinn atá á déanamh ag múinteoirí sna scoileanna agus ag na ceanneagraíochtaí, go háirithe Conradh na Gaeilge agus Gael Linn, chomh maith le heagraíochtaí eile dála Chomhairle na Gaelscolaíochta.

Tá na huimhreacha a foilsíodh inniu ag teacht leis an taighde atá déanta ag Foras na Gaeilge, a léiríonn an fás agus an spéis atá i measc daoine óga ar fud na tíre sa teanga, rud atá soiléir fosta ón éileamh atá ar scéimeanna an Fhorais do dheiseanna úsáide Gaeilge do dhaoine óga.

Fáiltíonn Foras na Gaeilge roimh a thuilleadh infheistíochta san earnáil oideachais ó thuaidh agus roimh dheiseanna eile taobh amuigh den chóras A-Leibhéal do dhaltaí atá ag iarraidh staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge.

https://www.irishnews.com/news/northern-ireland/irish-a-levels-up-30-in-a-year-as-language-closes-in-on-top-spot-in-northern-ireland-5JTRL3G3JBHUHAT2HAP42246TM/
https://belfastmedia.com/number-of-students-studying-irish-at-a-level-increases-for-second-year-running

The number of students studying A-Level Irish has increased by almost a third compared to numbers from last year.

Bhí ollchruinniú foirne ag foireann Áis agus Clár na Leabhar Gaeilge in oifig Dhún Seachlainn, Co. na Mí ar an 13 Lúnasa...
14/08/2026

Bhí ollchruinniú foirne ag foireann Áis agus Clár na Leabhar Gaeilge in oifig Dhún Seachlainn, Co. na Mí ar an 13 Lúnasa 2026. Tá go leor idir lámha ag an dá fhoireann maidir le cur chun cinn litríocht na Gaeilge idir fhoilsitheoireacht, scríbhneoireacht, léitheoireacht na Gaeilge, mar aon le dáileadh leabhar Gaeilge ar shiopaí leabhar timpeall na tíre. Le chéile san iarracht!

forasnagaeilge.ie/tacaiocht/clar-na-leabhar-gaeilge/
forasnagaeilge.ie/ais/

C-D (Foireann Chlár na Leabhar Gaeilge: Síle Uí Dhuibh, Saorlaith Ní Nualláin, Áine Ní Éanaí; Clárbhainisteoir na Leabhar: Laura Rawdon; Foireann Áis: Lisa McDonagh, Aodhán Ó Flatharta, Tara Mohan).

📣Táimid ag glacadh le hiarratais do Scríobh Leabhar 2026-2027 anois!Tugann Scríobh Leabhar deis do pháistí bunscoile a g...
13/08/2026

📣Táimid ag glacadh le hiarratais do Scríobh Leabhar 2026-2027 anois!

Tugann Scríobh Leabhar deis do pháistí bunscoile a gcuid leabhar féin a scríobh, a dhearadh, agus a fhoilsiú as Gaeilge. Cuireann an tionscadal léitheoireacht agus scríbhneoireacht na Gaeilge chun cinn i measc páistí óga. 📖⭐

Cuirimid fáilte roimh iarratais ó ionaid oideachais ar spéis leo an tionscadal a reáchtáil le bunscoileanna ina gceantar féin i gcomhpháirt le Clár na Leabhar Gaeilge, Foras na Gaeilge.

⏳Spriocdháta: 1 p.m. Dé Céadaoin an 30 Meán Fómhair 2026
https://www.forasnagaeilge.ie/funding-schemes/scriobh-leabhar/


📣We are now accepting applications for Scríobh Leabhar 2026 - 2027!

Scríobh Leabhar provides primary school students with the opportunity to write, design and publish their own books in Irish. The project promotes the reading and writing of Irish amongst young children. 📖⭐

We welcome applications from education centres interested in delivering the project with primary schools in their own area in partnership with Clár na Leabhar Gaeilge, Foras na Gaeilge.

⏳Deadline: 1 p.m. Wednesday 30 September 2026
https://www.forasnagaeilge.ie/funding-schemes/scriobh-leabhar/?lang=en

Address

63-66 Sráid Amiens, Baile Átha Cliath
Dublin
1

Opening Hours

Monday 9am - 5:30pm
Tuesday 9am - 5:30pm
Wednesday 9am - 5:30pm
Thursday 9am - 5:30pm
Friday 9am - 5pm

Alerts

Be the first to know and let us send you an email when Foras na Gaeilge posts news and promotions. Your email address will not be used for any other purpose, and you can unsubscribe at any time.

Contact The Organisation

Send a message to Foras na Gaeilge:

Shortcuts

Share