05/06/2026
We are delighted to present a selection of outstanding works from the collections of Hugh Lane Gallery, which is currently closed due to refurbishment. These paintings are an excellent representation of 19th and 20th century Irish and international art.
Hugh Lane Gallery was founded in 1908 by Sir Hugh Lane, who also played an important role in the history of the National Gallery of Ireland. Many of the works on display here formed part of Hugh Lane Gallery’s original holdings. Highlights of the collection include Sir Hugh’s Impressionist paintings (now shared in partnership with the National Gallery, London) and a fine group of paintings by Francis Bacon.
🎨Included in the display is this painting of Waterloo Bridge by Claude Monet, which he painted while staying at the Savoy Hotel in London in 1900. In all, he painted over forty views of the bridge, which he could see from his room. In this example, he captures the city’s early morning atmosphere, suggesting mist and smoke, and describing the traffic crossing the Thames with delicate touches of red and pink.
📍 Find the display in Room 47 and 48 the next time you visit. Admission free.
🖼️ Claude Monet (1840-1927), Waterloo Bridge, Overcast Weather. Collection and image © Hugh Lane Gallery. Donated by Ella Fry, 1905.
Cúis áthais dúinn rogha de shaothair iontacha ó bhailiúcháin Dánlann Hugh Lane, atá dúnta i láthair na huaire chun oibreacha athchóirithe a dhéanamh, a chur ar taispeáint. Tá léargas iontach le fáil sna pictiúir seo ar shaothair ealaíne Éireannacha agus idirnáisiúnta a rinneadh sa naoú haois déag agus san fhichiú haois déag.
Ba é Sior Hugh Lane a bhunaigh Dánlann Hugh Lane sa bhliain 1908, agus bhí ról tábhachtach aige i stair Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann freisin. Bhí go leor de na saothair atá ar taispeáint anseo le fáil i gcéad bhailiúchán Dánlann Hugh Lane. I measc bhuaicphointí an bhailiúcháin tá pictiúir Impriseanaíocha Hugh Lane (atá á roinnt anois i gcomhpháirt leis an nGailearaí Náisiúnta, Londain) agus bailiúchán breá de phictiúir a rinne Francis Bacon.
🎨Tá an pictiúr seo de Dhroichead Waterloo le Claude Monet san áireamh sa taispeántas. Fad is a bhí sé ag fanacht in Ostán an Savoy i Londain, phéinteáil Monet breis is daichead radharc de Dhroichead Waterloo, a bhí le feiceáil aige óna sheomra. Sa sampla seo, tugann sé léargas ar atmaisféar na cathrach luath ar maidin. Cruthaíonn sé ceobhrán agus deatach, agus déanann sé cur síos ar an trácht ag dul trasna na Tamaise trí úsáid a bhaint as stríoca éadroma dearga agus bándearga.
📍Feicfidh tú an taispeántas i Seomra 47 agus 48 an chéad uair eile a thugann tú cuairt. Saorchead isteach.
🖼️ Claude Monet (1840-1927), Droichead Waterloo, Aimsir Ghruama. Dánlann Hugh Lane: Bronta ag Bean Uasal Ella Fry, 1905.